dc.contributor.advisor | Denvir, Gearóid | |
dc.contributor.author | Ní Chualáin, Aingeal | |
dc.date.accessioned | 2014-02-19T12:53:30Z | |
dc.date.available | 2014-02-19T12:53:30Z | |
dc.date.issued | 2013-09-30 | |
dc.identifier.uri | http://hdl.handle.net/10379/4196 | |
dc.description.abstract | Is éard atá sa tráchtas seo ná iniúchadh ar an léiriú a rinneadh ar théamaí an chaidrimh agus an ghnéis i bpróslitríocht bheirt scríbhneoirí de chuid Chonamara san aois seo caite. Dírítear go sonrach ar shaothar Phádhraic Óig Uí Chonaire agus ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain. Tré athléamh a dhéanamh ar shaothar na beirte tugtar léargas nua ar théamaí an chaidrimh agus an ghnéis i bpróslitríocht na Gaeilge. Déantar anailís ar an saothar i gcomhthéacs sóisialta, cultúrtha agus polaitiúil a linne. Is é an tréimhse ama atá i gceist leis an staidéar ná ó 1922 nuair a foilsíodh céadúrscéal Uí Chonaire go dtí 1977 bliain fhoilsithe chnuasach deireanach an Chadhnaigh. Rinneadh anailís chriticiúil ar théacsanna i bhfianaise an taighde nua atá ar fáil ar an ngnéas in Éirinn sa fichiú haois le Diarmaid Ferriter ina shaothar 'Occasions of Sin: Sex and Society in Modern Ireland' (2009) agus i bhfianaise léargais shocheolaíocha Arensberg agus Kimball ar phobal tuaithe in Éirinn le linn na dtríochaidí in 'Family and Community in Ireland' (2001). Ceann de na pointí a tháinig chun suntais sa staidéar ná gur ar an ngrá atá bunáite na gcaidreamh sna saothair bunaithe agus go ndearnadh meath an chleamhnais mar struchtúr sa phobal a rianú iontú. Déantar cur síos ar an tairbhe a bhaineann le teoiric an nuastairiúlachais agus athbhreithniú á dhéanamh ar luathshaothar Phádhraic Óig Uí Chonaire a nochtann dearcadh patrarcach agus gné fhrithbheartach sa téacs. Chomh maith leis sin déantar tábhacht na n-amhrán mar idirthéacsanna ina shaothar a phlé. I luathshaothar Mháirtín Uí Chadhain breathnaítear ar dheasghnáth na cúirtéireachta agus feictear go bhfuil áit lárnach ag na hamhráin ghrá agus ag an damhsa i gcur in iúl an áilíosa. Tugtar léiriú ar an áilíos mar théama tábhachtach san úrscéal 'Cré na Cille'. I scéalta deireanacha an Chadhnaigh déantar cúrsaí caidrimh agus gnéis i gcomhthéacs uirbeach a iniúchadh. Feictear go bhfuil cosúlacht idir ábhar agus téamaí na beirte scríbhneoirí ach go ndéantar ionramháil éagsúil orthu. | en_US |
dc.rights | Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland | |
dc.rights.uri | https://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/ie/ | |
dc.subject | Phádhraic Óig Uí Chonaire | en_US |
dc.subject | Mháirtín Uí Chadhain | en_US |
dc.subject | Nua-Ghaeilge | en_US |
dc.title | Siocracha Peaca Téamaí an Chaidrimh agus an Ghnéis i Saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire agus Mháirtín Uí Chadhain | en_US |
dc.type | Thesis | en_US |
dc.local.note | Sa tráchtas seo déantar iniúchadh ar an léiriú a rinneadh ar théamaí an chaidrimh agus an ghnéis i saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire agus saothar Mháirtín Uí Chadhain. Déantar anailís ar shaothar na beirte scríbhneoirí sa tréimhse idir 1922 go dtí 1977 i gcomhthéacs sóisialta, cultúrtha agus polaitiúil a linne. | en_US |
dc.local.final | Yes | en_US |
nui.item.downloads | 3703 | |