Siocracha Peaca Téamaí an Chaidrimh agus an Ghnéis i Saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire agus Mháirtín Uí Chadhain

View/ Open
Date
2013-09-30Author
Ní Chualáin, Aingeal
Metadata
Show full item recordUsage
This item's downloads: 1599 (view details)
Abstract
Is éard atá sa tráchtas seo ná iniúchadh ar an léiriú a rinneadh ar théamaí an chaidrimh agus an ghnéis i bpróslitríocht bheirt scríbhneoirí de chuid Chonamara san aois seo caite. Dírítear go sonrach ar shaothar Phádhraic Óig Uí Chonaire agus ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain. Tré athléamh a dhéanamh ar shaothar na beirte tugtar léargas nua ar théamaí an chaidrimh agus an ghnéis i bpróslitríocht na Gaeilge. Déantar anailís ar an saothar i gcomhthéacs sóisialta, cultúrtha agus polaitiúil a linne. Is é an tréimhse ama atá i gceist leis an staidéar ná ó 1922 nuair a foilsíodh céadúrscéal Uí Chonaire go dtí 1977 bliain fhoilsithe chnuasach deireanach an Chadhnaigh. Rinneadh anailís chriticiúil ar théacsanna i bhfianaise an taighde nua atá ar fáil ar an ngnéas in Éirinn sa fichiú haois le Diarmaid Ferriter ina shaothar 'Occasions of Sin: Sex and Society in Modern Ireland' (2009) agus i bhfianaise léargais shocheolaíocha Arensberg agus Kimball ar phobal tuaithe in Éirinn le linn na dtríochaidí in 'Family and Community in Ireland' (2001). Ceann de na pointí a tháinig chun suntais sa staidéar ná gur ar an ngrá atá bunáite na gcaidreamh sna saothair bunaithe agus go ndearnadh meath an chleamhnais mar struchtúr sa phobal a rianú iontú. Déantar cur síos ar an tairbhe a bhaineann le teoiric an nuastairiúlachais agus athbhreithniú á dhéanamh ar luathshaothar Phádhraic Óig Uí Chonaire a nochtann dearcadh patrarcach agus gné fhrithbheartach sa téacs. Chomh maith leis sin déantar tábhacht na n-amhrán mar idirthéacsanna ina shaothar a phlé. I luathshaothar Mháirtín Uí Chadhain breathnaítear ar dheasghnáth na cúirtéireachta agus feictear go bhfuil áit lárnach ag na hamhráin ghrá agus ag an damhsa i gcur in iúl an áilíosa. Tugtar léiriú ar an áilíos mar théama tábhachtach san úrscéal 'Cré na Cille'. I scéalta deireanacha an Chadhnaigh déantar cúrsaí caidrimh agus gnéis i gcomhthéacs uirbeach a iniúchadh. Feictear go bhfuil cosúlacht idir ábhar agus téamaí na beirte scríbhneoirí ach go ndéantar ionramháil éagsúil orthu.
Collections
This item is available under the Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland. No item may be reproduced for commercial purposes. Please refer to the publisher's URL where this is made available, or to notes contained in the item itself. Other terms may apply.
The following license files are associated with this item: