Show simple item record

dc.contributor.advisorDe Paor, Louis
dc.contributor.authorNí Ghearbhuigh, Ailbhe
dc.date.accessioned2013-10-11T16:47:48Z
dc.date.available2015-08-24T14:13:17Z
dc.date.issued2013-07-25
dc.identifier.urihttp://hdl.handle.net/10379/3720
dc.description.abstractChuireas romham sa tráchtas seo tionchar na Fraince agus na Fraincise ar Athbheochan na Gaeilge a rianadh. Áiteofar go raibh ceannairí na hAthbheochana go mór faoi anáil na Fraince agus na Fraincise, agus gur fhéachadar chun na Fraince i gcomhair múnlaí liteartha a chothódh nualitríocht na Gaeilge. Sholáthair ardlitríocht na Fraince bealach isteach chun na hEorpa mar aon le bealach éalaithe ó thionchar Shasana. Eiseamláir mheasúil a bhí i litríocht na Fraince, rud a bhí tarraingteach d'Athbheochanóirí ar theastaigh uathu uaisleacht a chothú i litríocht na NuaGhaeilge. Léireofar cé chomh forleathan agus domhain is a bhí eolas cheannairí na hAthbheochana ar chultúr, stair, agus teanga na Fraince. Is í an phríomhargóint, áfach, ná go raibh íomhá áirithe den bhFrainc agus de litríocht na Fraince á cur chun cinn ag Athbheochanóirí na Gaeilge, íomhá a bhí á múnlú acu de réir a gcuid riachtanas féin. Feicfear aighneas áirithe ag eascairt as an teannas idir luachanna aestéitice an tsaothair agus luachanna morálta an údair sa díospóireacht ar chúrsaí creidimh. Díríodh ar údair Fhrancacha a bhí 'folláin,' ach fiú i gcás na scríbhneoirí ba mhó a mhol na hAthbheochanóirí, Alphonse Daudet agus René Bazin, tugadh foláireamh faoi leabhair áirithe dá gcuid. Má bhí eiseamláir liteartha le fáil i litríocht na Fraince, bhí eiseamláir de ghluaiseachtaí teanga sa tír, freisin, agus bhí mórán tráchta ar Provence agus ar an mBriotáin i bhfoilseacháin na hAthbheochana. Chothaigh an meas a bhí acu ar obair fhrithláraithe na ngluaiseachtaí seo míshuaimhneas i measc Athbheochanóirí, a bhí an-tógtha le cultúr measúil Pháras. Tar éis 1913, áfach, b'éigean do na hAthbheochanóirí cúl a thabhairt le Páras, mar d'aithníodar cumhacht aonchineálach Pháras agus go raibh a bhfís féin ag teacht go mór le haidhmeanna na ngluaiseachtaí réigiúnda. Díríodh níos mó ar ghluaiseacht na Briotáine as sin amach toisc comhluachanna agus comhchuspóirí a bheith á roinnt aici le gluaiseacht na Gaeilge.en_US
dc.rightsAttribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland
dc.rights.urihttps://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/ie/
dc.subjectGaeilgeen_US
dc.subjectIrish Studiesen_US
dc.subjectFranco-Irish Studiesen_US
dc.subjectLiterary Historyen_US
dc.titleAn Fhrainc Iathghlas? Tionchar na Fraince ar Athbheochan na Gaeilge, 1893-1922en_US
dc.typeThesisen_US
dc.contributor.funderIRCHSSen_US
dc.local.finalYesen_US
nui.item.downloads1311


Files in this item

Thumbnail
Thumbnail

This item appears in the following Collection(s)

Show simple item record

Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland
Except where otherwise noted, this item's license is described as Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland