An Fhrainc Iathghlas? Tionchar na Fraince ar Athbheochan na Gaeilge, 1893-1922

View/ Open
Date
2013-07-25Author
Ní Ghearbhuigh, Ailbhe
Metadata
Show full item recordUsage
This item's downloads: 1087 (view details)
Abstract
Chuireas romham sa tráchtas seo tionchar na Fraince agus na Fraincise ar Athbheochan na Gaeilge a rianadh. Áiteofar go raibh ceannairí na hAthbheochana go mór faoi anáil na Fraince agus na Fraincise, agus gur fhéachadar chun na Fraince i gcomhair múnlaí liteartha a chothódh nualitríocht na Gaeilge. Sholáthair ardlitríocht na Fraince bealach isteach chun na hEorpa mar aon le bealach éalaithe ó thionchar Shasana. Eiseamláir mheasúil a bhí i litríocht na Fraince, rud a bhí tarraingteach d'Athbheochanóirí ar theastaigh uathu uaisleacht a chothú i litríocht na NuaGhaeilge.
Léireofar cé chomh forleathan agus domhain is a bhí eolas cheannairí na hAthbheochana ar chultúr, stair, agus teanga na Fraince. Is í an phríomhargóint, áfach, ná go raibh íomhá áirithe den bhFrainc agus de litríocht na Fraince á cur chun cinn ag Athbheochanóirí na Gaeilge, íomhá a bhí á múnlú acu de réir a gcuid riachtanas féin. Feicfear aighneas áirithe ag eascairt as an teannas idir luachanna aestéitice an tsaothair agus luachanna morálta an údair sa díospóireacht ar chúrsaí creidimh. Díríodh ar údair Fhrancacha a bhí 'folláin,' ach fiú i gcás na scríbhneoirí ba mhó a mhol na hAthbheochanóirí, Alphonse Daudet agus René Bazin, tugadh foláireamh faoi leabhair áirithe dá gcuid.
Má bhí eiseamláir liteartha le fáil i litríocht na Fraince, bhí eiseamláir de ghluaiseachtaí teanga sa tír, freisin, agus bhí mórán tráchta ar Provence agus ar an mBriotáin i bhfoilseacháin na hAthbheochana. Chothaigh an meas a bhí acu ar obair fhrithláraithe na ngluaiseachtaí seo míshuaimhneas i measc Athbheochanóirí, a bhí an-tógtha le cultúr measúil Pháras. Tar éis 1913, áfach, b'éigean do na hAthbheochanóirí cúl a thabhairt le Páras, mar d'aithníodar cumhacht aonchineálach Pháras agus go raibh a bhfís féin ag teacht go mór le haidhmeanna na ngluaiseachtaí réigiúnda. Díríodh níos mó ar ghluaiseacht na Briotáine as sin amach toisc comhluachanna agus comhchuspóirí a bheith á roinnt aici le gluaiseacht na Gaeilge.
Collections
This item is available under the Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland. No item may be reproduced for commercial purposes. Please refer to the publisher's URL where this is made available, or to notes contained in the item itself. Other terms may apply.
The following license files are associated with this item: