Léamh iarchoilíneach ar shaothair le Cathal Ó Sándair
Date
2020-07-29Embargo Date
2024-06-15
Author
Ní Mhulláin, Róisín Frances
Metadata
Show full item recordUsage
This item's downloads: 1 (view details)
Abstract
Chuir mé romham sa tráchtas seo staidéar a dhéanamh ar theoiricí iarchoilíneacha i litríocht Ghaeilge na n-óg agus na teoiricí sin a thagairt do shaothar Chathail Uí Shándair, an tsraith Réics Carló agus Réamonn Óg go speisialta. Cuimsítear réimsí taighde éagsúla sa tráchtas seo; cultúr na hóige ag deireadh an naoú haois déag agus ag tús an fichiú haois, cúrsaí stairiúla agus polaitiúla na hÉireann, stair na foilsitheoireachta Gaeilge, chomh maith le ról agus stádas na Gaeilge sa chóras oideachais. Pléitear ceisteanna idé-eolaíochta, teanga, féiniúlachta agus cultúir i litríocht Ghaeilge na n-óg agus scrúdaítear na ceisteanna sin i saothar roghnaithe de chuid Chathail Uí Shándair. Áiteofar gur thug Ó Sándair faoi fhéiniúlacht nua Ghaelach a chruthú le go gcuirfí luachanna agus idéil náisiúnacha chun cinn i measc léitheoirí óga na Gaeilge. D’fhéach Ó Sándair leis an mbearna idir léitheoirí óga na Gaeilge agus léitheoirí óga an Bhéarla a dhúnadh trí sheánraí agus trí mhúnlaí éagsúla liteartha a chur chun cinn sa Ghaeilge. Sa tráchtas seo, pléitear seánra an úrscéil choire agus bhleachtaireachta agus leabhair faoin Iarthar Fiáin agus an bheirt charachtar, Réics Carló, bleachtaire, agus Réamonn Óg, buachaill bó. Áitítear gur ábhar í litríocht Ghaeilge na n-óg a chuireann go mór lenár dtuiscint ar theanga, ar fhéiniúlacht agus ar chultúr na Gaeilge agus na hÉireann.