Léirmheas ar Mé Suibhne
View/ Open
Date
2023Author
Ní Chatháin, Cassie
Metadata
Show full item recordUsage
This item's downloads: 16 (view details)
Recommended Citation
Ní Chatháin, Cassie. (2023). Léirmheas ar Mé Suibhne. Léann Teanga: An Reiviú.https://doi.org/10.13025/35ev-kg65
Published Version
Abstract
Scríbhneoir, scoláire agus aistritheoir ab ea Feargal Ó Béarra, a tógadh sa Spidéal agus a chaith tréimhsí i mbun taighde agus teagaisc san Iorua, sa Ghearmáin, i gCeanada agus i Meiriceá. Duine cruthaitheach, cumasach, ildánach ab ea é, agus is seoid í an leabhar seo i measc na saothar éagsúil a scríobh sé le linn a shaoil. Is leabhar ficsin corraitheach, dúshlánach, suaithinseach é Mé Suibhne, athinsint dhaonna a chuireann scéal Shuibhne ar na súile do ghlúin eile. Scríobhadh an buntéacs Buile Shuibhne sa dara haois déag faoi Rí Suibhne Mac Colmáin, rí in oirthuaisceart na tíre i ré na luath-Chríostaíochta in Éirinn. Téann sé ar strae sa chloigeann de bharr na mallachta a chuireann Naomh Rónán air, agus tugann an buntéacs eolas dúinn i bhfoirm filíochta ar dheoraíocht Shuibhne ina chuid focal féin.