Athaistriú Achta ó Bhlianta Tosaigh an Stáit
View/ Open
Date
2016Author
Ó Droighneáin, Eoin
Metadata
Show full item recordUsage
This item's downloads: 10 (view details)
Recommended Citation
Ó Droighneáin, Eoin. (2016). Athaistriú Achta ó Bhlianta Tosaigh an Stáit. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/dke2-km31
Published Version
Abstract
San alt seo féachtar le scrúdú achomair a dhéanamh ar dhá leagan Gaeilge d’Acht de chuid an Oireachtais – an Tiontú Oifigiúil den Spanish Civil War (Non-Intervention) Act, 1937 faoi mar a foilsíodh é beagnach ceithre scór bliain ó shin ar láimh amháin, agus ar an láimh eile aistriúchán comhaimseartha atá bunaithe ar na tuiscintí is déanaí ar an gCaighdeán Oifigiúil agus ar nósmhaireachtaí aistriúcháin reatha Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais. Déanfar tráchtaireacht ar chúig cinn déag de na pointí aistriúcháin agus teanga is spéisiúla a thagann chun cinn nuair a scrúdaítear an dá spriocthéacs agus tabharfar spléachadh ar líon beag de na hathruithe atá tagtha ar an nGaeilge oifigiúil a úsáidtear in Achtanna an Oireachtais ó bhlianta tosaigh an Stáit go dtí ár linn féin. Tabharfar cuntas achomair staire freisin ar ghnéithe de na cúinsí polaitíochta a bhain le hachtú an phíosa reachtaíochta atá faoi chaibidil.