Show simple item record

dc.contributor.authorNí Uigín, Dorothy
dc.date.accessioned2022-11-25T13:06:02Z
dc.date.available2022-11-25T13:06:02Z
dc.date.issued2017
dc.identifier.citationNí Uigín, Dorothy. (2017). Risteárd Ó Glaisne: Ceannródaí Iriseoireachta. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/rjdf-2811en_IE
dc.identifier.issn2737-7636
dc.identifier.urihttp://hdl.handle.net/10379/17534
dc.description.abstractSan alt seo breathnófar ar thábhacht Risteáird Uí Ghlaisne, ar dhuine de na scríbhneoirí ba bhisiúla Gaeilge dá raibh ann riamh é, i scéal na hiriseoireachta Gaeilge. Tarraingeofar san alt ar an ábhar a d’fhoilsigh sé ar na nuachtáin Inniu agus Amárach go háirithe, chomh maith le hagallaimh thaifeadta a cuireadh ar an údar ag tús na 1990í, agus ar chomhfhreagras idir é agus scríbhneoir an ailt seo. Pléifear a thábhachtaí is a bhí an Glaisneach i bhforbairt na hiriseoireachta Gaeilge, agus a ról mar thráchtaire ar an saol comhaimseartha ó cheathrachaidí na haoise seo caite go dtí tús na mílaoise nua. Scoláire, múinteoir, fear léinn agus iriseoir ab ea Ó Glaisne. Ba líonmhar a chuid scríbhinní – idir leabhair, phrós agus ailt iriseoireachta agus teastaíonn léitheoireacht leathan dá réir le tuiscint chruinn a fháil ar an bhfear agus ar a dhearcadh ar an saol. Bhí sé ildánach agus bhí suim aige i ngach gné de shaíocht agus de shaol na Gaeilge. Nuair a thug údar an ailt seo cuairt air mar mhac léinn óg máistreachta beagnach cúig bliana fichead ó shin, bhí an áit líon lán le leabhair agus le nuachtáin, agus dúirt sé gur mheas sé go raibh gach ar cuireadh i gcló sa Ghaeilge riamh léite aige. Níor léir, áfach, gur bhreathnaigh sé air féin mar scoláire Gaeilge. Ba sa Ghaeilge mar theanga bheo agus sa chainteoir Gaeilge mar dhuine beo a luigh príomhshuim an Ghlaisnigh. Chruthaigh a scolártha is a bhí sé cúlra tacúil nuair a chuaigh sé i mbun pinn, ach ba thráchtaire ar an saol comhaimseartha é, agus é ar dhuine de ghrúpa réasúnta beag a shaothraigh an Ghaeilge mar mheán na díospóireachta, an phlé agus na hiriseoireachta i lár na haoise seo caite. Bhí Ciarán Ó Nualláin, Peadar Ó Ceallaigh agus Tarlach Ó hUid – a chomhaimsirigh – ar dhaoine tábhachtacha eile acu sin. Lean Breandán Ó hEithir, Pól Ó Draoi, Breandán Delap agus Seán Tadhg Ó Gairbhí den cheird chéanna ina dhiaidh sin, comhthreomhar leis cuid mhór, go dtí gur bhásaigh sé ar an 6 Samhain 2003. Bhí suim aige i saíocht agus i saol na Gaeilge mar a luadh thuas, ach ba shuim leis freisin an pholaitíocht, an reiligiún, cúrsaí taistil agus an léirmheastóireacht, beag beann ar cheist na teanga féin.en_IE
dc.formatapplication/pdfen_IE
dc.publisherAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimhen_IE
dc.rightsCC BY-NC-ND 3.0 IE
dc.rights.urihttps://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/ie/
dc.subjectCúrsaí Cumarsáideen_IE
dc.subjectRisteárd Ó Glaisneen_IE
dc.titleRisteárd Ó Glaisne: Ceannródaí Iriseoireachtaen_IE
dc.typeArticleen_IE
dc.identifier.doi10.13025/rjdf-2811
dc.local.publishedsourcehttps://doi.org/10.13025/rjdf-2811
dc.local.publisherstatementhttp://leannteangaanreiviu.com/en_IE
nui.item.downloads15


Files in this item

Thumbnail
Thumbnail

This item appears in the following Collection(s)

Show simple item record

CC BY-NC-ND 3.0 IE
Except where otherwise noted, this item's license is described as CC BY-NC-ND 3.0 IE