Na Gaeil agus Iriseoireacht na nGael san Airgintín ag deireadh na Naoú hAoise Déag agus ag tús na Fichiú hAoise
View/ Open
Date
2018Author
Ní Uigín, Dorothy
Metadata
Show full item recordUsage
This item's downloads: 16 (view details)
Recommended Citation
Ní Uigín, Dorothy. (2018). Na Gaeil agus Iriseoireacht na nGael san Airgintín ag deireadh na Naoú hAoise Déag agus ag tús na Fichiú hAoise. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/vt50-mc46
Published Version
Abstract
Chuaigh suas le 50,000 Éireannach go dtí an Airgintín sa tréimhse idir lár na naoú haoise déag agus an bhliain 1920. Luann Kelly (2009: 44) go raibh 36,800 duine a rugadh in Éirinn ag cur fúthu san Airgintín sa bhliain 1891. San alt seo pléitear roinnt de na foilseacháin a bhunaigh na hÉireannaigh seo ina dtír nua, go sonrach The Standard, The Southern Cross agus Fianna. Déantar beagán plé freisin ar thuairimí na nÉireannach san Airgintín i leith na Gaeilge agus i leith choincheap an náisiúin Éireannaigh – téamaí a bhí go mór i mbéal an phobail in Éirinn féin ag an am. Déanfar plé faoi leith ar William Bulfin, nó ‘Che Buono’ mar a thugtaí air, ar na deartháireacha Mulhall agus ar Patrick McManus, daoine a raibh baint thábhachtach acu le bunú agus le cur chun cinn an phreasa Éireannaigh-Airgintínigh sa tréimhse atá faoi chaibidil. Úsáidfear na foinsí iriseoireachta seo freisin le léargas a thabhairt ar mheon na nÉireannach i leith a dtíre nua agus ar cheisteanna féiniúlachta mar a bhain siad leo.