Feasacht teanga an mhúinteora tumoideachais: Préamh agus guairne an chleachtais
Date
2021Author
Ó Ceallaigh, T. J.
Ní Chathasaigh, Christine
Metadata
Show full item recordUsage
This item's downloads: 40 (view details)
Recommended Citation
Ceallaigh, T. J., & Ní Chathasaigh, Christine. (2021). Feasacht teanga an mhúinteora tumoideachais: Préamh agus guairne an chleachtais. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/ej0y-nm03
Published Version
Abstract
Tá trí shainréimse eolais i gceist le feasacht teanga múinteoirí sa tumoideachas – úsáid teanga; eolas faoin teanga; agus saineolas oideolaíoch i dtéarmaí na sprioctheanga sa chomhthéacs ábharbhunaithe. Bíonn na réimsí sin ag idirghníomhú lena chéile agus téann siad i bhfeidhm ar a chéile ar bhealaí ar leith, rud a mhúnlaíonn agus a chumasaíonn acmhainn an mhúinteora tumoideachais ina dhiaidh sin chun spriocanna teanga agus gníomhaíochtaí a chruthú ina ndírítear ar riachtanais forbartha na bhfoghlaimeoirí tumoideachais agus, ag an am céanna, ina dtugtar aghaidh ar spriocanna teagaisc an ábhair féin. Dhealródh sé, mar sin, gur cheart go mbeadh feasacht teanga sa tumtheanga mar bhonn agus thaca ag cleachtais teagaisc an mhúinteora sa tumoideachas. Ach ní mar sin a bhíonn i gcónaí, áfach. Sa pháipéar seo, tugtar spléachadh ar an litríocht a bhaineann le feasacht teanga an mhúinteora tumoideachais. Déantar iniúchadh ar dtús sa léirbhreithniú ar thábhacht na feasachta teanga mar ghné lárnach de chleachtas an mhúinteora. Tugtar achoimre ansin ar na dúshláin le béim ar leith ar na riachtanais forbartha gairmiúla a bhíonn ag múinteoirí ábhair san iar-bhunscoil Lán-Ghaeilge/Ghaeltachta. Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar na himpleachtaí atá ann don fhorbairt ghairmiúil agus don taighde amach anseo.