Déphearsantacht an Chainteora Dhátheangaigh – An ann di?
View/ Open
Date
2021Author
McHale, Belinda
Metadata
Show full item recordUsage
This item's downloads: 14 (view details)
Recommended Citation
McHale, Belinda. (2021). Déphearsantacht an Chainteora Dhátheangaigh – An ann di? Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/1mzd-gk47
Published Version
Abstract
Like many other people who speak more than one language, I often have the sense that I’m a slightly different person in each of my languages – more assertive in English, more relaxed in French, more sentimental in Czech. Is it possible that, along with these differences, my moral compass also points in somewhat different directions depending on the language I’m using at the time? (Sedivy, 2016: 1)
Sa pháipéar seo, cíorfar tuairimí grúpa beag dátheangach i leith an ráitis seo thuas chun scagadh a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas: an dá phearsantacht éagsúla a d’fhéadfadh maireachtáil i sícé an chainteora dhátheangaigh, na peirspictíochtaí míréireacha ar an saol a eascraíonn as cómhaireachtáil an dá theanga mar aon leis an gcoimhlint a ghintear ansin scaití, agus tionchair na dteangacha sin san iomaíocht lena chéile. Déanfar ionramháil ar shaothair éagsúla ina gcíortar na téamaí seo i gcomhthéacs dhearcthaí rannpháirtithe an taighde seo. Baineadh feidhm as ceistneoir mar mhodh taighde chun an páipéar seo a chur i gcrích toisc go n-éascaíonn sé iniúchadh a dhéanamh ar phróifíl ghrúpa beag daoine (Denscombe, 2010: 31). Dáileadh na ceistneoirí ar 15 dhuine agus rinne ochtar díobh sin iad a chomhlánú. Aithnítear gur sampla beag é seo ach mar sin féin, tá an taighdeoir den tuairim gur fiú go mór na torthaí seo a mheas toisc go soláthraíonn siad léargas bailí ar an ábhar. Leagann Denscombe (2010) béim ar an tábhacht a bhaineann le sampla beag a roghnú chun tairbhe níos fearr a bhaint as na torthaí:
Researchers can make the strategic decision to concentrate their investigation on one or a few cases in order to allow greater depth to their research, more attention to the dynamics of the situation, better insights that come from a detailed knowledge and understanding of a specific example (186).
Chuathas i muinín Patton (2002) agus próiseas roghnúcháin na rannpháirtithe á dhearadh. Socraíodh teicníc na samplála cuspóiriúla a chur i gcrích toisc go n-éascódh sé iniúchadh a dhéanamh ar eolas a d’eascródh as acmhainní teoranta, nó i bhfocail Cresswell & Plano Clark (2011): ‘Purposeful sampling involves identifying and selecting individuals or groups of individuals that are especially knowledgeable about or experienced with a phenomenon of interest’ (38). Beartaíodh, mar sin, an ceistneoir a chur chuig cainteoirí dátheangacha a raibh aithne ag an taighdeoir orthu toisc gur tuigeadh go mbeadh tuairimí bailí acu a bhainfeadh le hábhar an taighde. Tugtar cód d’ionchur na rannpháirtithe ar mhaithe lena gcuid anaithnideachta a chothú, is é sin, R1 i gcomhair Rannpháirtí 1, R2 i gcomhair Rannpháirtí 2, srl. Laistigh den ghrúpa féin, tá cainteoirí dátheangacha a d’fhoghlaim an dara teanga i suíomh foirmeálta oideachais agus cainteoirí eile a bhfuil an dá theanga acu ón luath-óige. Meabhraítear arís don léitheoir go bhfuil torthaí an ailt taighde seo bunaithe ar ghrúpa beag dátheangach agus aithnítear mar sin, go bhfuil siad réasúnta teoranta. Tá an taighdeoir den tuairim, áfach, go bhfuil siad inmharthana agus dlisteanach mar sin féin agus go bhféadfaí an taighde áirithe seo a fhorbairt arís amach anseo.