Aithníonn queeróg queeróg eile: Gaeilgeoirí aeracha aontaithe agus gluaiseacht chomhaimseartha na Gaeilge
Date
1998Author
Woods, Jeannine
Metadata
Show full item recordUsage
This item's downloads: 692 (view details)
Recommended Citation
Woods, Jeannine. (1998). Aithníonn queeróg queeróg eile: Gaeilgeoirí aeracha aontaithe agus gluaiseacht chomhaimseartha na Gaeilge. Irish Journal of Anthropology, 3, 41-59.
Abstract
Fásann an páipéar seo as staidéar ar “Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe,”
grúpa caidrimh do dhaoine homaighnéasacha le suim acu i nGaeilge.
Tríd an eagras a shuíomh laistigh de ghluaiseacht chomhaimseartha na
Gaeilge, déanaim anailís ar ghnéithe den teanga ó pheirspictíocht
shochtheangeolaíoch, ag tarraingt ar smaointí Sapir, a deir
While language is a symbol system which reports or refers to
or otherwise substitutes for direct experience, it does not as a
matter of actual behaviour stand apart from or run parallel
to direct experience but completely interpenetrates with it ...
[language] not only refers to but can even mould, interpret
and discover experience [Sapir 1949:11].
Sa chomhthéacs seo, léirím go bhfuil “Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe”
(nó an GAA, mar a thugann siad orthu féin) ar ceann de na guthanna
laistigh de dhioscúrsa na Gaeilge a threascraíonn na déantúis
idé-eolaíocha curtha i bhfeidhm ar an nGaeilge ag gléasanna ceannasacha
ón naoú haois déag i leith. D’fhéadfaí maíomh go bhfuil an
dioscúrsa sin mar chuid de “réabhlóid shiombalach” (Bourdieu 1
991:131) atá ar bun sa chultúr, a dhearbhaíonn gur féidir an iomaí
éispéireas agus féiniúlacht bheith mar chuid den Ghaeilge agus den
Ghaelachas.