Show simple item record

dc.contributor.advisorWalsh, John
dc.contributor.advisorNí Mhunghaile, Lesa
dc.contributor.authorHakamada, Chinatsu
dc.date.accessioned2016-10-19T15:09:20Z
dc.date.issued2016-10-18
dc.identifier.urihttp://hdl.handle.net/10379/6078
dc.description.abstractCuirim romham sa tráchtas seo iniúchadh a dhéanamh ar an dlúthbhaint idir gluaiseacht na Gaeilge agus na príomhpháirtithe polaitiúla Cumann na nGaedheal/Fine Gael agus Fianna Fáil chun an Ghaeilge a athbheochan mar ‘theanga náisiúnta’ na hÉireann. Is í an tréimhse atá i gceist leis an tráchtas seo ná an tréimhse roimh bhunú Chonradh na Gaeilge suas go dtí an bhliain 1943, an bhliain a ndearnadh comóradh caoga bliain ar bhunú Chonradh na Gaeilge agus inar bunaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Léiríonn an tráchtas seo gur choincheap polaitiúil í an ‘teanga náisiúnta’ toisc gur shamhlaigh sí an Ghaeilge le teanga an náisiúin, .i. teanga a bhain le muintir na hÉireann go léir, seachas mar theanga a bhain le pobal na Gaeilge go heisiach. Is í an ‘teanga náisiúnta’ leis an mbrí sin a ghlac Conradh na Gaeilge agus an rialtas dúchais léi mar bhunús de chúis athbheochan na Gaeilge. D’ainneoin gurbh é tionchar na polaitíochta náisiúnta ar ghluaiseacht na Gaeilge ceann de na cúiseanna le síoreasaontas i measc lucht na hathbheochana, bhí idirghníomhaíocht idir gluaiseacht na Gaeilge agus an pholaitíocht náisiúnta riachtanach chun an aidhm bhunúsach sin a bhí ag gluaiseacht na Gaeilge a bhaint amach. I measc polaiteoirí na linne, cuirtear béim mhór ar Éamon de Valera mar an phearsa ba mhó a raibh páirt lárnach aige i gcur chun cinn idé-eolaíocht na ‘teanga náisiúnta’. Bhí páirt lárnach ag an idé-eolaíocht sin go háirithe in Aimsir na hÉigeandála i gcur chun cinn an Ghaelachais agus an náisiúnachais i stíl de Valera. Sa chomhthéacs sin, léiríonn an tráchtas seo gurbh í an dlúthbhaint idir gluaiseacht na Gaeilge agus an pholaitíocht náisiúnta chun gluaiseacht na Gaeilge a atheagrú ar son na ‘teanga náisiúnta’ a bhí mar chúl taca le bunú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge sa bhliain 1943.en_IE
dc.subjectConradh na Gaeilgeen_IE
dc.subjectÉamon de Valeraen_IE
dc.subjectComhdháil Náisiúnta na Gaeilgeen_IE
dc.subjectIdé-eolaíochtaí teangaen_IE
dc.subjectSocheolaíocht na teangaen_IE
dc.subjectTeanga náisiúntaen_IE
dc.subjectAthbheochan na Gaeilgeen_IE
dc.subjectFéiniúlacht náisiúntaen_IE
dc.subjectGaeilgeen_IE
dc.title“Teanga Náisiúnta na hÉireann?”: idé-eolaíocht agus polaitíocht i nGluaiseacht na Gaeilge 1893-1943en_IE
dc.typeThesisen_IE
dc.local.noteDéantar iniúchadh sa tráchtas seo ar dlúthbhaint idir gluaiseacht na Gaeilge agus na príomhpháirtithe polaitiúla chun an Ghaeilge a athbheochan mar ‘theanga náisiúnta’ na hÉireann. Cuirtear béim mhór ar Éamon de Valera mar an phearsa ba mhó a raibh páirt lárnach aige i gcur chun cinn idé-eolaíocht na ‘teanga náisiúnta’.en_IE
dc.description.embargo2020-10-18
dc.local.finalYesen_IE
nui.item.downloads1


Files in this item

Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland
This item is available under the Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland. No item may be reproduced for commercial purposes. Please refer to the publisher's URL where this is made available, or to notes contained in the item itself. Other terms may apply.

The following license files are associated with this item:

Thumbnail

This item appears in the following Collection(s)

Show simple item record