Litearthacht aosach sa nGaeltacht: staidéar ar riachtanais agus ar chumas aosach maidir le litearthacht i nGaeilge

View/ Open
Date
2015-08-30Author
Ó Bróithe, Éamonn
Metadata
Show full item recordUsage
This item's downloads: 603 (view details)
Abstract
Ba í aidhm an staidéar taighde seo ná tuiscint a fháil ar dhearcadh, chumas agus riachtanais lucht labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht maidir le litearthacht sa teanga sin i gcúinsí an tsíorbhrú atá ar an nGaeilge mar theanga phobail.
Cuireadh agallamh ar sholáthraithe sheirbhís litearthachta d’aosaigh sa nGaeltacht (ochtar) agus ar chainteoirí Gaeilge (16 duine) a bhí ag úsáid na seirbhíse sin agus seirbhís oideachais aosaigh eile. Ceistíodh rannpháirtithe maidir lena mbraistintí faoin nGaeilge i gcleachtais litearthachta an phobail, agus faoi na tosca a bhí ag spreagadh foghlaimeoirí chun cúnamh a fháil. Trascríobhadh na hagallaimh agus rinneadh anailís théamach orthu le NVIVO.
Forbraíodh ionstraim shuirbhé chun scileanna litearthachta Gaeilge a mheas agus chun eolas a bhailiú maidir le cleachtais agus riachtanais litearthachta Gaeilge. Bailíodh faisnéis ó 247 freagróir i dtrí thoghroinn i nGaeltacht Chonamara.
Ba é leibhéal an oideachais fhoirmiúil an deitéarmanant ba shuntasaí maidir le leibhéal na scileanna agus inniúlacht a bhí ionann le leibhéal NFQ 3 (ar a laghad) ag formhór na ndaoine a chríochnaigh an mheánscolaíocht. Ba é an t-oideachas an deitéarmanant ba thábhachtaí freisin maidir le minice an Ghaeilge a úsáid ina gcleachtais litearthachta.
Tugadh le fios go mbraitheann chuid mhór de mhuintir na Gaeltachta go bhfuil a gcuid scileanna litearthachta níos fearr i mBéarla ná i nGaeilge, ach go háirithe nuair a bhíonn scileanna ísle acu, agus go raibh an éagothroime sin ina toradh ar an ról ceannasach atá ag an mBéarla i gcleachtais litearthachta phobal na Gaeltachta. Cé go bhfuil litearthacht sa nGaeilge tábhachtach dá bhféiniúlacht mar phobal Gaeltachta, tá a feidhmiúlacht theoranta i gcleachtais litearthachta an phobail ag cur le cúngú feidhm na teanga agus leis an aistriú teanga go Béarla. Moltar seirbhís litearthachta Gaeilge d’aosaigh sa nGaeltacht a sholáthar go príomha mar thaca don phróiseas reachtúil pleanála teanga.
Collections
This item is available under the Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland. No item may be reproduced for commercial purposes. Please refer to the publisher's URL where this is made available, or to notes contained in the item itself. Other terms may apply.
The following license files are associated with this item: