Show simple item record

dc.contributor.advisorWalsh, John
dc.contributor.authorRowland, Hugh
dc.date.accessioned2015-03-13T18:30:54Z
dc.date.issued2014-09-15
dc.identifier.urihttp://hdl.handle.net/10379/4893
dc.description.abstractDéanann an tráchtas seo cur síos ar na hidé-eolaíochtaí freasúracha teanga a bhí i réim i gConradh na Gaeilge agus san Language Freedom Movement (LFM) idir 1965 agus 1974. Áiteofar gurbh fhrámaí cognaíocha agus tuisceana iad na hidé-eolaíochtaí sin trínar cruthaíodh agus trínar athchruthaíodh dioscúrsaí iomaíocha chun ceist na Gaeilge agus na náisiúntachta a phlé agus a shaobhadh. Rinneadh é seo ar mhaithe le bonn uilíoch, dlisteanach agus ciallmhar a chur faoi idé-eolaíochtaí an dá ghluaiseacht i leith na Gaeilge. Mar thoradh ar theacht chun cinn na nua-aoiseachta sna seascaidí gan trácht ar an rian a d'fhág clár forbartha eacnamaíochta Lemass agus Whitaker ar an tsochaí trí chéile, áiteofar gur thosaigh Conradh na Gaeilge agus an LFM ag ceistiú na bhféiniúlachtaí traidisiúnta sa saol chomh maith le tiomantas na bunaíochta do na féiniúlachtaí sin. Agus an taighde seo á neadú laistigh de chomhthéacs suaite agus ceistitheach na seascaidí in Éirinn agus i gcéin, áiteofar gur thug Conradh na Gaeilge agus an LFM faoi tháirgeacht shiombalach leis an aidhm go samhlófaí bríonna, idéil agus luachanna as an nua chun an teanga mar aon leis an náisiúntacht a mhíniú agus a chur in iúl. Is mian leis an tráchtas seo tuiscint a fháil ar na próisis tháirgeachta agus atáirgeachta (gníomhúchán) a ndeachaigh an dá ghluaiseacht ina muinín chun a n-idé-eolaíochtaí teanga féin a chruthú agus a chur chun cinn. Ina theannta sin, áiteofar gurbh é beartas teanga an Stáit (an Ghaeilge éigeantach) an láthair allagair (idirghníomhaíocht) ar ar tháinig an dá ghluaiseacht le chéile chun a n-idé-eolaíochtaí teanga a phlé agus a chosaint. Is í an choimhlint idé-eolaíochta agus smaointe sin idir Conradh na Gaeilge agus an LFM is spéis liom sa tráchtas seo.en_US
dc.rightsAttribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland
dc.rights.urihttps://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/ie/
dc.subjectIdé-eolaíochtaí teangaen_US
dc.subjectNáisiúnachas cultúrthaen_US
dc.subjectGluaiseachtaí sóisialtaen_US
dc.subjectConradh na Gaeilgeen_US
dc.subjectLanguage Freedom Movementen_US
dc.subjectRoinn na Gaeilgeen_US
dc.subjectScoil na dTeangacha na Litríochtaí agus na gCultúren_US
dc.titleConradh na Gaeilge agus an Language Freedom Movement (LFM): Coimhlint Idé-eolaíochta 1965 - 1974en_US
dc.typeThesisen_US
dc.contributor.funderIrish Research Councilen_US
dc.local.noteTá sé d'aidhm ag an taighde seo cur síos a dhéanamh ar idé-eolaíochtaí Chonradh na Gaeilge agus an LFM i leith na Gaeilge agus na náisiúntachta araon in Éirinn na 1960í. Déanfar dianphlé ar na tuiscintí/smaointe cultúrtha a chruthaigh an dá ghluaiseacht sin chun tábhacht na teanga don náisiúntacht a chur in iúl.en_US
dc.description.embargo2019-01-20
dc.local.finalYesen_US
nui.item.downloads634


Files in this item

Thumbnail
Thumbnail

This item appears in the following Collection(s)

Show simple item record

Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland
Except where otherwise noted, this item's license is described as Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland