Show simple item record

dc.contributor.advisorÓ Laoire, Lillis
dc.contributor.authorNic an Airchinnigh, Méadhbh
dc.date.accessioned2013-01-22T15:39:15Z
dc.date.issued2012-09-19
dc.identifier.urihttp://hdl.handle.net/10379/3188
dc.description.abstractTá deighilt láidir idir scoláirí Gaeilge maidir leis an mbéalaireacht agus an litearthacht sa chaoineadh. Ar láimh amháin, maítear gur seánra béil é an caoineadh a bhfuil fianaise de ar fáil i lámhscríbhinní, agus ar an láimh eile, áitítear gur athmhúnlú liteartha í an fhianaise scríofa, nach bhfuil aici ach an ceangal is lú leis an mbéalaireacht. Scrúdófar an gaol idir an liteartacht agus an bhéalaireacht i gcaointeoireacht na Gaeilge ón ochtú haois déag anuas, chun an bhaint a bhí idir seánraí, múnlaí béil agus múnlaí scríofa a thuiscint ar bhealach níos cuimsithí ná mar a deineadh go dtí seo. Sa chuid seo scrúdófar obair na scoláirí seo a leanas: Bourke, Ó Coileáin, Lysaght, Ó Madagáin agus Ó Buachalla. Ós é Caoineadh Airt Uí Laoghaire an caoineadh is cailiúla atá againn, déanfar grinnstaidéar airsean. Féachfar ar chaointe Éireannacha eile chomh maith chun an seánra a aithint. Féachfar ar fhianaise ó fhinnéithe comhaimseartha, Croker et al., ar an gcaointeoireacht chun comhthéacs an chaointe a chruthú. Ó tharla gan taifead againn ar chomhthéacs taibhléirithe an chaointe ach trí chuntais scríofa ó eachtrannaigh den chuid is mó, ní miste gné thraschultúrtha a chur san áireamh. Cuirfear caointeoireacht na Gréige san áireamh freisin, ní chun comhionannú a dhéanamh idir traidisiúin atá éagsúil, ach chun toise an taibhléirithe a chur i gceartlár na díospóireachta agus chun léirmhíniú a thabhairt ar na ceisteanna a ardaítear dá bharr. Sa dá thraidisiún seo tagann ceist na hinscne chun solais go láidir. Titeann staidéar na hamhránaíochta Gaeilge idir dhá stól go minic. Uaireanta, fágann scoláirí Gaeilge léann an cheoil ar lár mar nach mbíonn léamh an cheoil acu, agus uaireanta eile, ní bhíonn dóthain Gaeilge ag lucht an cheoil chun stáidéar cuimsitheach a dhéanamh ar an véarsaíocht a ghabhann leis an gceol - cé go bhfuil eisceachtaí ann. Ní foláir féachaint ar an bhfianaise cheoil agus ar an bhfilíocht in éineacht. Dá laghad ceol dá bhfuil againn, fós is fianaise thábhachtach í. Tabharfaidh anailís cháiréiseach ar an bhfianaise seo breis tuisceana dúinn agus peirspictíocht úr ar na gnéithe béil den chaointeoireacht.en_US
dc.rightsAttribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland
dc.rights.urihttps://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/ie/
dc.subjectCaoineadhen_US
dc.subjectCeolen_US
dc.subjectBéaloideasen_US
dc.titleCaointeoireacht na Gaeilge: Béalaireacht agus Literathachten_US
dc.typeThesisen_US
dc.contributor.funderIRCHSSen_US
dc.local.noteThis thesis is a repsonse to Breandán's Ó Buachalla book An Caoine agus an Chaointeoireacht (1998). Basically the ideas it this. When people died in Ireland in the past, women who were known as lament women or mná caointe came and composed poetry for the dead person at their wake. This book by Ó Buachalla rejects this arguing that this type of poetry was written by male poets in a formal setting. In my thesis I illustrate that the evidence suggests that the caoineadh or lament poem was an oral genre almost exclusively female genre that the verbal element was just one part of a dramatic oral and musical performance.en_US
dc.description.embargo2016-03-13
dc.local.finalYesen_US
nui.item.downloads2640


Files in this item

Thumbnail
Thumbnail

This item appears in the following Collection(s)

Show simple item record

Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland
Except where otherwise noted, this item's license is described as Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland