Próifíl Shochtheangeolaíoch don Ghaeilge i gceantar uirbeach – Cathair Chorcaí mar shuíomh taighde

View/ Open
Date
2019Author
Brady, Vicky
Metadata
Show full item recordUsage
This item's downloads: 5 (view details)
Recommended Citation
Brady, Vicky. (2019). Próifíl Shochtheangeolaíoch don Ghaeilge i gceantar uirbeach – Cathair Chorcaí mar shuíomh taighde. Léann Teanga: An Reiviú, https://doi.org/10.13025/r5zj-kn30
Published Version
Abstract
Pléitear sa pháipéar seo roinnt de na torthaí a d’eascair as obair pháirce a rinneadh i gCathair Chorcaí le linn 2015 agus 2016 ar mhaithe le próifíl shochtheangeolaíoch don Gaeilge sa chathair a chruthú. Ainmníodh Cathair Chorcaí mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta (2012) agus tá an plean teanga don chathair á ullmhú faoi láthair. Pléitear go minic i réimse na pleanála agus na mbeartas teanga an tábhacht a bhaineann le taighde agus le tuiscint a fháil ar an bpobal atá faoi chaibidil sula dtugtar faoi aon phleanáil éifeachtach (Ó hIfearnáin, 2012: 132). Dar le Dauenhauer agus Dauenhauer (1998: 63), tá sé tábhachtach measúnú macánta a dhéanamh ar an staid reatha agus ar dhearcthaí bhaill phobail sula dtabharfaí faoi phleanáil teanga. Más aidhm de bheartas teanga úsáid na teanga atá faoi chaibidil a leathnú tugann faisnéis shochtheangeolaíoch eolas tábhachtach a d’fhéadfadh na hiarrachtaí sin a threorú. Aithníodh bearna sa taighde atá déanta i sochtheangeolaíocht na Gaeilge go dtí seo sa mhéid is go bhfuil easpa iniúchtaí ar an bhfód a thugann léargas ar staid chomhaimseartha na Gaeilge i suíomhanna uirbeacha na tíre. Sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, straitéis a cruthaíodh mar bhuntaca le beartas reatha Rialtas na hÉireann i leith na Gaeilge, leagtar amach mar sprioc shonrach méadú faoi thrí a bhaint amach i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa tír lasmuigh den chóras oideachais (ó 83,000 go 250,000) (Rialtas na hÉireann, 2010: 9). Sprioc uaillmhianach is ea í seo (agus méadú ar bhonn comhsheasmhach a bheadh i gceist nár tharla riamh go fóill ó bhunú an Stáit) agus luíonn sé le réasún, mar sin, béim ar leith a chur ar cheantair na tíre ina bhfuil na daonraí is mó. Ghlac 603 rannpháirtí páirt san obair pháirce ar tugadh fúithi don taighde seo, iad go léir lonnaithe i gCathair Chorcaí. Díríodh ar dhaoine os cionn ocht mbliana déag d’aois amháin agus bhí formhór na rannpháirtithe (70.6%) idir 25-54 bliain d’aois. Is iad na huirlisí taighde ar baineadh leas astu chun teacht ar na torthaí a phléitear sa pháipéar seo ná ceistneoir sochtheangeolaíoch agus grúpaí fócais eitneagrafacha.