Ag cothú na foghlama teanga éifeachtaí i gcás shealbhú an TX sa chóras oideachais: Cás na Gaeilge

View/ Open
Date
2020Author
Ní Chlochasaigh, Karen
Metadata
Show full item recordUsage
This item's downloads: 22 (view details)
Recommended Citation
Ní Chlochasaigh, Karen. (2020). Ag cothú na foghlama teanga éifeachtaí i gcás shealbhú an TX sa chóras oideachais: Cás na Gaeilge. Léann Teanga: An Reiviú,
https://doi.org/10.13025/405r-3h45
Published Version
Abstract
Pléitear san alt seo na toscaí atá aitheanta i dtaighde na teangeolaíochta feidhmí a bhaineann le bunphrionsabail an tsealbhaithe teanga agus le sealbhú éifeachtach an dara teanga chomh maith le taighde ar mhúineadh agus fhoghlaim na Gaeilge i meánscoileanna na hÉireann. Cé go ndírítear go minic ar an droch-chaighdeán, na deacrachtaí agus na dúshláin a bhíonn ag foghlaimeoirí na Gaeilge, is mithid díriú ar an taobh eile den mheá a bhaineann leis an dea-fhoghlaim agus foghlaimeoirí teanga a chumasú ina gcuid foghlama. Féachtar ar na cúinsí indibhidiúla a mbíonn tionchar acu ar an bhfoghlaim rathúil teanga agus a thugann léargais ar na difríochtaí a mhaireann idir foghlaimeoirí mar thoscaí ratha. Aithnítear go láidir go bhfuil feasacht maidir leis na bunphrionsabail a ghabhann leis an sealbhú teanga riachtanach sa phleanáil sealbhaithe agus i gcúrsaí teagaisc agus foghlama teangacha. Cuireann an t-alt seo roimhe, sonraí a chur ar fáil bunaithe ar mhórstaidéar ar fhoghlaimeoirí éifeachtacha na Gaeilge ar an dara leibhéal agus ar chur i bhfeidhm na dtorthaí taighde chun sealbhú na Gaeilge a chur chun cinn ar bhonn níos éifeachtaí.