Search
Now showing items 1-10 of 24
Ranganna oíche ríomhaireachta don phobal: Foghlaim ar feadh an tSaoil d’aosaigh na Gaeltachta
(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2018)
Tá dualgas ar ollscoileanna seirbhísí a chur ar fáil a bhfuil tionchar dearfach acu ar shaol na ndaoine. Le tríocha bliain tá údar an ailt seo ag cur ranganna oíche ríomhaireachta ar fáil ar fud Chonamara. I dtús aimsire ...
An Tumfhoghlaim sa Ghaeltacht: Féidearthachtaí agus Dúshláin d’Ábhair Oidí
(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2018)
San alt seo, tugtar faoi phlé a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus ar na dúshláin a bhaineann leis an tréimhse tumfhoghlama Gaeltachta ó thaobh na bhfoghlaimeoirí de. Tá sé i gceist plé faoi leith a dhéanamh ar na ...
Oideolaíocht an Trasteangaithe i mBunscoileanna na hÉireann: Páipéar Seasaimh ar a Poitéinseal i gComhthéacsanna Áirithe
(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2017)
Is fealsúnacht oideachais é an trasteangú (Trawsieithu sa Bhreatnais agus Translanguaging sa Bhéarla) atá tagtha go mór chun cinn le fiche bliain anuas i réimse an oideachais dhátheangaigh. Tagraíonn sé d’idé-eolaíocht ...
Tionchar Phróifíl an Fhoghlaimeora Teanga ar Shealbhú na Gaeilge
(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2015)
[No abstract available]
Deiseanna Saibhrithe Teanga tríd an Sinéistéise idir Míreanna Cartlainne faoin gCeantar Áitiúil
(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2017)
Tá an córas oideachais ag druidim go mall i dtreo na tuisceana (ar deireadh) go bhfuil géarghá le hathrú ón mbonn aníos sa bhealach ina dtacaíonn sé le foghlaim sa seomra ranga. Tá an saol taobh amuigh den seomra ranga, ...
Ag Spreagadh an Athshondais Teanga i measc Gasúr Bunscoile i gCeantair láidre Ghaeltachta
(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2015)
Léiríonn an taighde is deireanaí go bhfuil aistriú na Gaeilge ó ghlúin go glúin ag dul i léig de réir mar a athraíonn nósmhaireachtaí teanga sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé seo ag tarlú anois fiú sna ceantair Ghaeltachta ...
Ag cothú na foghlama teanga éifeachtaí i gcás shealbhú an TX sa chóras oideachais: Cás na Gaeilge
(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2020)
Pléitear san alt seo na toscaí atá aitheanta i dtaighde na teangeolaíochta feidhmí a bhaineann le bunphrionsabail an tsealbhaithe teanga agus le sealbhú éifeachtach an dara teanga chomh maith le taighde ar mhúineadh agus ...
Céim ar an Bhealach: spléachadh ar an chéad chaibidil de Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna
(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2020)
A great book begins with an idea; a great life with a determination. (L’Amour, 1989:3)
Cé gur foilsíodh Mo Bhealach Féin den chéad uair sa bhliain 1940, tá ailt á scríobh agus cláir raidió agus teilifíse á ndéanamh fós ...
An Gearrscéal Gníomhach
(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2018)
[No abstract available]
Oideolaíochtaí um Theagasc an Léireolais do Bhunmhúinteoirí faoi Oiliúint
(Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2018)
Déanfar cur síos sa pháipéar seo ar thionscadal taighde modhanna measctha leabaithe (CAINN (cáil))[2] a cuireadh i bhfeidhm le hiniúchadh a dhéanamh ar cé acu cur chuige follasach, cur chuige déaduchtach nó cur chuige ...