dc.contributor.advisor | Walsh, John | |
dc.contributor.author | Seoighe, Stiofán | |
dc.date.accessioned | 2020-02-28T11:52:36Z | |
dc.date.issued | 2020-02-28 | |
dc.identifier.uri | http://hdl.handle.net/10379/15816 | |
dc.description.abstract | Staidéar sochtheangeolaíoch criticiúil atá sa tráchtas seo, ina mbreathnaím ar mudes teangeolaíocha, idé-eolaíochtaí teanga agus féiniúlachtaí nuachainteoirí óga na Gaeilge. Bainim leas as comhthéacs na Bascaise, agus nuachainteoirí (euskaldunberriak) na teanga sin, chun na tuiscintí a ndéantar forbairt orthu i dtaca leis na rannpháirtithe taighde a threisiú. Taispeánaim go soiléir le linn an tráchtais a thairbhí a bhí an comhthéacs comparáideach agus anailís á déanamh agam ar shonraí na Gaeilge. Is é coincheap an nuachainteora, mar sin, príomhlionsa anailíse an taighde. Sainmhínítear ‘nuachainteoir’ mar dhuine a bhaineann úsáid ghníomhach, rialta agus shóisialta as teanga nach í a dteanga dúchais í. Léirím fréamhacha an choincheapa sin sa tsochtheangeolaíocht chriticiúil agus pléim an chaoi a dtugann sé dúshlán do thuiscintí stairiúla, traidisiúnta a bhí ceannasach sa teangeolaíocht agus réimsí gaolmhara le blianta fada.
Toisc gur feiniméin shóisialta atá á bhfiosrú agam sa tráchtas seo, agus tuiscintí suibiachtúla na rannpháirtithe ina leith, leagaim amach a fheiliúnaí atá an seasamh eitneagrafaíoch, tógachaíoch, cáilíochtúil a ghlacaim. Dá réir sin, bainim leas as modhanna bailithe na breathnóireachta agus na n-agallamh leathstruchtúrtha beathaisnéiseach chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna taighde.
Tógaim ar choincheap an muda theangeolaíoch – pointí criticiúla ag a n-athraíonn cleachtas teanga an chainteora – sa tráchtas seo trí idirdhealú a dhéanamh ar choincheapa nua an réamhmuda agus an muda shóisialta. Is idirdhealú tábhachtach é sin a aithníonn na pointí ag a mbaineann daoine stádas an nuachainteora amach. Ar cheann de phríomhthátail an tráchtais ná go bhfuil samhailteacha nua dlisteanachta ag teacht chun cinn i gcomhthéacs na Gaeilge atá fréamhaithe in idé-eolaíochtaí na barántúlachta iar-nádúrtha. Baineann tábhacht nach beag le gníomhúchán, toil agus iarracht fhéin-chomhfhiosach an chainteora sa pharaidím seo. Ina theannta sin, léirím go bhfuil tuiscintí nua á mbaint ag nuachainteoirí as coincheap féiniúlachta ‘an Ghaeil’ a bhunaítear ar shealbhú agus ar úsáid ghníomhach na teanga, beag beann ar chúlra an chainteora. | en_IE |
dc.publisher | NUI Galway | |
dc.rights | Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland | |
dc.rights.uri | https://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/ie/ | |
dc.subject | An tSochtheangeolaíocht | en_IE |
dc.subject | Nuachainteoirí | en_IE |
dc.subject | Gaeilge | en_IE |
dc.subject | Bascais | en_IE |
dc.subject | Teangacha Mionlaithe | en_IE |
dc.subject | Idé-eolaíochtaí Teanga | en_IE |
dc.subject | Féiniúlachtaí | en_IE |
dc.subject | Mudes | en_IE |
dc.subject | Gaeilge | en_IE |
dc.subject | Arts, Social Sciences and Celtic Studies | en_IE |
dc.title | Nuachainteoirí agus Euskaldunberriak: Mudes, idé-eolaíochtaí teanga agus féiniúlachtaí | en_IE |
dc.type | Thesis | en |
dc.contributor.funder | Irish Research Council | en_IE |
dc.contributor.funder | Scéim Scoláireachtaí Taighde Dochtúireachta na Gaillimhe | en_IE |
dc.local.note | Staidéar sochtheangeolaíoch ar nuachainteoirí óga Gaeilge atá sa tráchtas seo. Déantar iniúchadh ar ghnéithe éagsúla de phróiseas sealbhaithe agus chleachtais teanga na rannpháirtithe - mudes teangeolaíocha (pointí criticiúla ar a gconairí teanga), idé-eolaíochtaí teanga agus féiniúlachtaí. Tarraingítear comparáidí le nuachainteoirí i gcomhthéacs na Bascaise. | en_IE |
dc.description.embargo | 2024-02-21 | |
dc.local.final | Yes | en_IE |
nui.item.downloads | 6 | |