Show simple item record

dc.contributor.advisorÓ Laoire, Lillis
dc.contributor.authorNic Dhonncha, Róisín
dc.date.accessioned2019-09-25T12:58:10Z
dc.date.issued2019-09-25
dc.identifier.urihttp://hdl.handle.net/10379/15461
dc.description.abstractDéantar iniúchadh sa tráchtas seo ar ghnéithe d’amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge nó an amhránaíocht ar an sean-nós mar a thugtar go coitianta uirthi. Is do choincheapa an dúchais agus na hiasachta a thugtar tús áite san iniúchadh sin, agus scrúdaítear iad i gcomhar le cás-staidéar ar sciar de phobal amhránaithe Charna i gConamara. Pléitear coincheapú na hamhránaíochta traidisiúnta mar a tharla sin faoi thionchar ghluaiseacht na hAthbheochana, toisc gur sa tréimhse sin a aithníodh ar bhonn poiblí gurbh ann do stíl shainiúil amhránaíochta Gaeilge sa chéad áit. Bhí díograiseoirí teanga ann sa ré úd a d’fhéach le tús áite a thabhairt d’ealaíona béil na cosmhuintire, dála na hamhránaíochta traidisiúnta, mar bhealach siombalach diúltú don chultúr Gallda. Ar bhonn praiticiúil, áfach, feictear gur baineadh leas as tuiscintí i leith cheol ealaíonta na hEorpa mar fhráma tagartha in éabhlóid an tsean-nóis sa tréimhse sin freisin. Faoin am a ndearnadh athréimniú ar an Oireachtas i 1939, bhí glúin nua díograiseoirí teanga agus cultúir ar an bhfód, rud a d’fhág gur ardaíodh próifíl na Gaeltachta i múnla nua na féile. Tosaíodh ag tarraingt airde ar luachanna a áiríodh a bheith níos dílse don dúchas ó thaobh an tsean-nóis de, ina measc, an bharántúlacht, an bhéalaireacht agus ceart na teanga. Rianaítear freisin sa tráchtas seo roinnt de na cúinsí inar tháinig Carna chun cinn mar cheantar eiseamláireach ó thaobh an tsean-nóis de. Chomh maith le comórtais an Oireachtais, bhí baint ag an mbailiúchán saibhir, toirtiúil a rinne Coimisiún Béaloideasa Éireann sa cheantar leis an dul chun cinn seo. Pléitear an idirghníomhaíocht idir an litearthacht agus an bhéalaireacht i gcomhthéacs an bhailiúcháin seo, agus scrúdaítear an tionchar a bhí ag bailitheoirí amhrán ar thuiscintí na n-amhránaithe féin i leith a gceirde. Ag eascairt as an obair pháirce a rinneadh i measc sciar d’amhránaithe cheantar Charna, aithnítear agus cíortar luachanna agus móitífeanna a thagann chun cinn sa chritic inmheánach, dhúchais i leith an tsean-nóis. San áireamh sa liosta sin, tá feiniméin an leanúnachais agus na cruthaitheachta, an caidreamh idir an t-amhránaí agus an traidisiún, agus coincheapú na haeistéitice.en_IE
dc.publisherNUI Galway
dc.rightsAttribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland
dc.rights.urihttps://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/ie/
dc.subjectsean-nósen_IE
dc.subjectamhránaíochten_IE
dc.subjectCarnaen_IE
dc.subjectcultúren_IE
dc.subjectGaeilgeen_IE
dc.subjectGaeilgeen_IE
dc.subjectLanguages, Literatures and Culturesen_IE
dc.titleDúchas agus iasacht san amhránaíocht thraidisiúnta faoi réir chás-staidéar ar phobal Charnaen_IE
dc.typeThesisen
dc.contributor.funderAn Chomhairle um Thaighde in Éirinnen_IE
dc.contributor.funderIrish Research Councilen_IE
dc.local.noteStaidéar ar choincheapa an dúchais agus na hiasachta mar a bhaineann siad leis an amhránaíocht thraidisiúnta ó thús an fhichiú haois anuas go dtí an ré chomhaimseartha. Pléitear go sainiúil traidisiún an tsean-nóis i gceantar Charna i gConamara bunaithe ar fhoinsí stairiúla agus ar obair pháirce a rinneadh i measc amhránaithe sa phobal sin.en_IE
dc.description.embargo2023-09-09
dc.local.finalYesen_IE
nui.item.downloads72


Files in this item

Thumbnail
Thumbnail

This item appears in the following Collection(s)

Show simple item record

Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland
Except where otherwise noted, this item's license is described as Attribution-NonCommercial-NoDerivs 3.0 Ireland