Dóchas an Dúchais: Neartú na nEalaíon Dúchais agus nGréasán Cultúrtha sa Ghaeilge
View/ Open
Date
2016Author
Ó Laoire, Lillis
Metadata
Show full item recordUsage
This item's downloads: 13 (view details)
Recommended Citation
Ó Laoire, Lillis. (2016). Dóchas an Dúchais: Neartú na nEalaíon Dúchais agus nGréasán Cultúrtha sa Ghaeilge. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/078v-j510
Published Version
Abstract
Agus sinn ag plé leis an fhocal ealaín, b’fhéidir nach miste dúinn smaoineamh ar bhunús an fhocail féin sa Ghaeilge. Is focal é atá á úsáid sa tseanchiall sin sa Ghaeilge ar fad agus is mithid dúinn cialla an fhocail a mheabhrú dúinn féin. Ciallaíonn an téarma i nGaeilge scil nó cumas i gceird nó in obair, agus ciallaíonn sé chomh maith léiriú na scile sin trína cleachtadh. Ciallaíonn sé an coincheap, an tuiscint nó an scil, an cleachtadh agus an toradh. Cumas oilte gníomh a bhfuil scil ag baint leis agus a mbeidh toradh an ghnímh sin le haithint atá i gceist leis an ealaín. Ar an dóigh sin, tá sé gar go maith don fhocal ‘ceird.’ Is minic a dhéanfaí tagairt ‘d’ealaín an leighis,’ mar shampla, nó an ealaín a bhain le capaill a cheansú agus a thraenáil. Ní mórán a chluinfeá a leithéid i mBéarla anois, cé go mbíodh an tuiscint sin ann tráth.