dc.contributor.author | de Bléine, Padaí | |
dc.date.accessioned | 2022-11-09T10:35:49Z | |
dc.date.available | 2022-11-09T10:35:49Z | |
dc.date.issued | 2022 | |
dc.identifier.citation | de Bléine, Padaí. (2022). Aistear aistriúcháin agus anailíse ar scéal béaloidis. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/cqnh-5t03 | en_IE |
dc.identifier.issn | 2737-7636 | |
dc.identifier.uri | http://hdl.handle.net/10379/17444 | |
dc.description.abstract | Is é atá san alt seo ná aistear aistriúcháin agus anailíse ar scéal béaloidis a aistríodh ó Bhéarla go Gaeilge. Tagann an scéal béaloidis The Three Spinners as an chnuasach Czech Fairytales le Karel Jaromír Erben agus Božena Nĕmcová a aistríodh ón tSeicis go Béarla. Pléann an t-alt seo cad is béaloideas ann agus a riachtanaí atá sé go dtuigeann an t-aistritheoir an seánra agus an cineál teanga a úsáidtear sa scéal béaloidis. Léiríonn an t-alt seo tréithe an scéil bhéaloidis dar le Ó Duáin (1968) agus Riggs (1974). Cuirtear béim ar aistriúchán don teanga labhartha go príomha sa chás seo agus ar a thábhachtaí atá sé go dtuigeann an té atá á aistriú go mbeidh sé fóirsteanach don chainteoir dúchais a bheas ag aithris an scéil. Tarraingíonn an t-alt seo ar dhearcadh Ottinen (2000) agus í ag plé cúrsaí aistriúcháin i dtaca leis an teanga labhartha. Tá cur síos ar an phroiséas aistriúcháin agus ar na teoiricí aistriúcháin a chuir Nida (1964), Ó Ruairc (2007), Venuti (2008) agus Nord (2014) chun tosaigh agus a bhí chun cinn in intinn an aistritheora agus é i mbun oibre. Déantar tagairt don dóigh a ndeachaigh an t-aistritheoir i ngleic le hainm dílis a bhí le haistriú aige. Déantar tagairt do Chanúint Uladh san aistriúchán seo agus do thréithe na canúna céanna ar chóir don aistritheoir a bheith eolach orthu. Déantar tagairt d’fhocail, fhrásaí agus fhriotal agus don dóigh ar bhain an t-aistritheoir úsáid as foinsí éagsúla béaloidis le leagan leanúnach dílis den scéal a aistriú go Gaeilge. Tá taifeadadh den leagan aistrithe den scéal a d’aithris Brídanna Ní Bhaoill as Rann na Feirste ar fáil a bheadh ina áis iontach ag múinteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge. | en_IE |
dc.format | application/pdf | en_IE |
dc.publisher | Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh | en_IE |
dc.rights | CC BY-NC-ND 3.0 IE | |
dc.rights.uri | https://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/ie/ | |
dc.subject | aistriúcháin | en_IE |
dc.subject | scéal béaloidis | en_IE |
dc.title | Aistear aistriúcháin agus anailíse ar scéal béaloidis | en_IE |
dc.type | Article | en_IE |
dc.identifier.doi | 10.13025/cqnh-5t03 | |
dc.local.publishedsource | https://doi.org/10.13025/cqnh-5t03 | |
dc.local.publisherstatement | http://leannteangaanreiviu.com/ | en_IE |
nui.item.downloads | 31 | |